Sceideal Chruinnithe Pobail 2025 – Réigiún Chonamara agus na nOileán
Plean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris Chonamara agus na nOileán 2027 - 2031
Tá áthas ar Fáilte Ireland a dheimhniú go bhfuil tús curtha leis an obair ar Phlean Forbartha Cinn Scríbe agus Eispéiris (DEDP) nua do réigiún Chonamara agus na nOileán in 2025.

Soláthraítear le DEDP fís chomhroinnte agus treo soiléir chun sciar margaidh ceantair d’ioncam turasóireachta a neartú agus a fhás, rud a fheabhsaíonn an mhealltacht ar an iomlán do chuairteoirí trí infheistíocht agus tacaíocht spriocdhírithe a sholáthar.
Tá Conamara agus na hOileáin ag baint tairbhe shuntasach cheana féin as DEDP Chonamara & na nOileán a bhí ann roimhe seo a seoladh in 2018, agus tá DEDP nua le seoladh in 2027.
Ba mhaith le Fáilte Ireland cuireadh a thabhairt d’aon duine a bhfuil spéis acu borradh inbhuanaithe a chur faoin turasóireacht chuig Réigiún Chonamara agus na nOileán a bheith páirteach i sraith cruinnithe pobail a bheidh ar siúl ar fud an cheantair le linn mhí Dheireadh Fómhair agus mhí na Samhna 2025.
Tá fáilte roimh ghnólachtaí turasóireachta, grúpaí pobail, comhlachtaí turasóireachta, gníomhaireachtaí agus oibrithe deonacha a bheith i láthair agus páirt a ghlacadh i bhfís a mhúnlú don cheantar uathúil seo de Chontae na Gaillimhe ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.
Eolas clárúcháin
Cláraigh roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig Agnes.ODonnell@failteireland.ie
Sceideal Chruinnithe Pobail 2025 – Réigiún Chonamara agus na nOileán
Dé Máirt, an 14 Deireadh Fómhair
Halla Pobail, Inis Oírr 11.30am - 1.30pm
Óstán Árann, Inis Mór 4.30pm - 6.30pm
Dé Céadaoin, an 15 Deireadh Fómhair
Óstán Chósta Chonamara, na Forbacha 10.30am - 12.30pm
Dé Máirt, an 21 Deireadh Fómhair
Óstán Loch Chonamara, Uachtar Ard 11.00am - 1.00pm
Ionad Pobail, an Cheathrú Rua 3.00pm - 5.00pm
Dé Céadaoin, an 22 Deireadh Fómhair
Halla Pobail, an Líonán 11.00am - 1.00pm
Amharclann Theach an Stáisiúin, an Clochán 3.00pm - 5.00pm
De Céadaoin, an 5 Samhain
Ionad Pobail, Inis Bó Finne 1.30pm - 3.30pm
Déardaoin, an 6 Samhain
Halla Pobail, Inis Meáin 11.30am - 1.30pm