Oscailt oifigiúil eispéiris nua ag Ionad íocónach an Bhlascaoid i nDún Chaoin

Oscailt oifigiúil eispéiris nua ag Ionad íocónach an Bhlascaoid i nDún Chaoin

· Infheistíocht €2.9 milliún ó Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
 
· Ginfidh an t-eispéireas cuairteoirí €1.6m san eacnamaíocht áitiúil thar thréimhse 5 bliana
 
· Meallfar breis agus 12,500 cuairteoir breise thar thréimhse 5 bliana agus tacófar le 252 post breise sa cheantar

Osclaíodh eispéireas nua do chuairteoirí go hoifigiúil ag Ionad an Bhlascaoid inniu, mar thoradh ar infheistíocht €2.9 milliún ó Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta.
 
Ba iad Patrick O’Donovan, Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí agus Máire Ní Shúilleabháin Uí Chíobháin, iníon leis an údar cáiliúil ón mBlascaod Muiris Ó Súilleabháin, a athoscail Ionad íocónach an Bhlascaoid i nDún Chaoin ar imeall Thiar Chorca Dhuibhne.
 
In aice leis an ardán féachana óna bhfuil radharcanna taibhsiúla ar na Blascaodaí, cuimsíonn an tionscadal athchóiriú iomlán ar thaispeántais an Ionaid. Tugtar athinsint shamhlaíoch ar scéal na nOileán, ar a n-oidhreacht shaibhir agus ar an litríocht a shíolraigh ann lena mbaineann suntas tábhachtach in Éirinn agus thar sáile. Is príomhtharraingt do chuairteoirí i gContae Chiarraí é Ionad an Bhlascaoid agus meastar go meallfar 63,000 cuairteoir ann i gceann 5 bliana ón oscailt.
 
I dteannta a chéile, tá infheistíocht €2.9 milliún déanta san Ionad ag Fáilte Ireland, Oifig na nOibreacha Poiblí agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta. Is Pointe Sár-Radhairc é ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin. Tugann an siúlan agus an t-ardán féachana, a osclaíodh don phobal in 2020, radharcanna drámatúla ar na Blascaodaí agus ar chósta an Atlantaigh.
 
Tá 20 duine ag obair go díreach san Ionad nuair atá sé ar oscailt agus tacóidh sé le 250 post breise sa cheantar Gaeltachta seo.
 
Dúirt an tAire Turasóireachta Catherine Martin: “Tá scéal na mBlascaodaí ina ábhar mórspéise ag daoine sa bhaile agus i gcéin. Is deis samhlaíoch agus spreagúil í an t-eispéireas athchóirithe do chuairteoirí ag Ionad an Bhlascaoid chun aithne a chur ar shaibhreacht an chultúir sin.”
 
Dúirt Patrick O’Donovan, T.D., Aire Stáit le cúram um Oifig na nOibreacha Poiblí: “Tá áthas orm Ionad an Bhlascaoid anseo i nDún Chaoin a athoscailt inniu. Sampla iontach ailtireachta ann féin is ea é agus anois tá taispeántas úrnua ann a léiríonn scéal na mBlascaodaí trí eispéireas samhlaioch ilmheánach. Tugtar omós don oidhreacht suntasach chultúrtha a d’fhág muintir an Oileáin ins na leabhair inar thugadar cur síos ar an saol a bhí acu. Tugaim cuireadh do chuairteoirí teacht anseo agus an t-ionad oidhreachta agus músaem sainiúil seo a aimsiú dóibh féin. Tá léiriú ann ar an saol atá imithe agus ligtear dúinn oidhreacht mhórthábhachtach mhuintir na mBlascaodaí a choimeád beo trí aithne a chur ar an stair, an teanga agus an cultúr a chleacht siad.”
 
Dúirt Malcolm Noonan T.D, Aire Stáit um Oidhreacht agus Athchóiriú Toghchánach: “Tá aithne idirnáisiúnta ar na Blascaodaí agus tá siad ar na suíomhanna is suntasaí in Éirinn ó thaobh an chultúir agus na staire. Is ceart dúinn go léir eolas a chur ar scéal na nOileán agus iad siúd a chónaigh orthu; anois, a bhuiochas don pháirtíocht straitéiseach le Fáilte Ireland agus Oifig na nOibreacha Poiblí, ríomhfar an scéal sin arís agus arís eile do lucht éisteachta níos mó ná riamh.”
 
Dúirt Orla Carroll, Stiúrthóir Forbartha Táirgí ag Fáilte Ireland: “Nuair a dhéantar infheistíocht i dtarraingtí suntasacha a ríomhann scéal saibhir oidhreachta Éireann, cruthaítear sainchúiseanna breise do chuairteoirí teacht go hÉirinn, agus freisin cruthaítear fostaíocht faoin dtuath agus ins na bailte tuaithe. I gCorca Dhuibhne tá réimse leathan tarraingtí nádúrtha agus oidhreachta. Is cúis bhreise um chuairt a thabhairt ar Chiarraí forbairt an ionaid nua seo agus na radharcanna taibhseacha atá le feiceáil ón ardán féachana os comhair na mBlascaodaí. Is geal linn an tionscadal seo a thabhairt chun cinn faoin pháirtíocht straitéiseach againn le OPW agus an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta – buaicphointe spreagúil eile le haimsiú ar Shlí an Atlantaigh Fhiáin.”

Jump to top

Keep up to date on tourism news

Stay informed of all industry news with our fortnightly newsletter.

Sign up for our e-newsletter