Fáilte Ireland and Údarás na Gaeltachta align tourism priorities with new strategic partnership

Fáilte Ireland and Údarás na Gaeltachta align tourism priorities with new strategic partnership

Fáilte Ireland and Údarás na Gaeltachta have formed a strategic partnership after signing a Memorandum of Understanding detailing their commitment to making the Gaeltacht experience appealing, accessible and relevant to visitors. Through this formal agreement, the organisations will work together across a number of priority areas for tourism development including capital projects, building capacity within the tourism industry and supporting the development of tourism products to showcase the unique cultural offering of Ireland’s Gaeltacht regions.

Welcoming the signing of the Memorandum of Understanding, Catherine Martin TD, Minister for Tourism, Culture, Arts, Gaeltacht, Sport and Media, said:

“Both Fáilte Ireland and Údarás na Gaeltachta are leaders in pursuing national policy objectives in relation to regional development, with a specific focus on optimising opportunities to leverage the development of tourism and the Irish language and culture. Our Gaeltacht regions offer visitors a unique cultural experience rich in music, language, art and dance - this Memorandum of Understanding sets out a framework for the two organisations to deliver on common objectives and will be significant for the development of tourism in the Gaeltacht regions.”

Paul Keeley, Director of Regional Development at Fáilte Ireland, said: 

“Today is about looking to the future of tourism in our Gaeltacht regions. This formal Memorandum of Understanding will strengthen the existing relationship that has been built up between Údarás na Gaeltachta and Fáilte Ireland over recent years and will be hugely important as we work towards recovery. We look forward to continuing to work together to align our strategic priorities to enhance the visitor experience and increase dwell time in these regions, supporting revenue generation and job creation in local communities.”

Mícheál Ó hÉanaigh, Chief Executive Officer of Údarás na Gaeltachta, said:

“Údarás na Gaeltachta are delighted to establish this Memorandum of Understanding with Fáilte Ireland to establish a Strategic Partnership and we look forward to ensuring a mutually beneficial working arrangement for many years ahead. This is a very important partnership and will allow both organisations to enhance our cooperation and achieve common aims and objectives in terms of tourism development in the Gaeltacht.  The strategic development of tourism in the Gaeltacht is one the key priorities outlined in our 2021-2025 Gaeltacht Strategic Plan and following the COVID-19 emergency it is most welcome that both organisations will be strategically aligned in assisting the Gaeltacht tourism industry in its recovery and to contributing towards Ireland’s overall tourism product.”

[ENDS]
 

Tosaíochtaí turasóireachta tugtha le chéile trí chomhpháirtíocht straitéiseach idir Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta

Tá comhpháirtíocht straitéiseach bunaithe ag Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta i ndiaidh Meabhrán Tuisceana a shíniú ina sonraítear a dtiomantas d’eispéireas na Gaeltachta a dhéanamh ábhartha, tarraingteach agus go mbeidh teacht ag cuairteoirí air. Tríd an gcomhaontú foirmiúil seo, beidh na heagraíochtaí ag obair as lámh a chéile ar fud roinnt réimsí tosaíochta maidir le forbairt turasóireachta lena n-áirítear tionscadail chaipitil, ag cur le hacmhainn laistigh de thionscal na turasóireachta agus tacú le táirgí turasóireachta a fhorbairt chun ardán a thabhairt don ábhar cultúir atá ar fáil i réigiúin Ghaeltachta na hÉireann, ábhar nach bhfuil le fáil in aon áit eile. 

Ag fáiltiú roimh shíniú an Mheabhráin Tuisceana, dúirt an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D.:  

“Is ceannairí iad Fáilte Ireland agus Údarás na Gaeltachta araon i dtaobh cuspóirí beartas náisiúnta maidir le forbairt réigiúnach a bhaint amach agus béim ar leith acu ar an leas is mó a bhaint as deiseanna chun forbairt na turasóireachta, na Gaeilge agus an chultúir a threisiú. Tá eispéireas ar leith cultúir ar fáil i réigiúin Ghaeltachta na tíre, ina bhfuil saibhreas ceoil, teanga, ealaíne agus damhsa - leagtar amach creat leis an Meabhrán Tuisceana seo don dá eagraíocht cuspóirí i gcoiteann a sheachadadh agus beidh sé sin tábhachtach i dtaobh turasóireacht a fhorbairt sna réigiúin Ghaeltachta. ” 

Is éard a dúirt Paul Keeley, Stiúrthóir Forbartha Réigiúnaí in Fáilte Ireland:  

“Is éard atá i gceist leis an lá inniu ná féachaint i dtreo thodhchaí na turasóireachta i réigiúin Ghaeltachta na tíre. Neartóidh an Meabhrán Tuisceana foirmiúil seo an caidreamh atá ann idir Údarás na Gaeltachta agus Fáilte Ireland, caidreamh a cothaíodh eatarthu le blianta beaga anuas, agus beidh sé sin fíorthábhachtach de réir mar a oibrímid i dtreo téarnamh a bhaint amach. Táimid ag súil le bheith ag leanúint de bheith ag obair le chéile chun ár dtosaíochtaí straitéiseacha a thabhairt le chéile agus an tréimhse ama a chaitheann cuairteoirí sna réigiúin sin a mhéadú, tacú le giniúint ioncaim agus jabanna a chruthú i bpobail áitiúla.” 

Is éard a dúirt Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: 

“Tá Údarás na Gaeltachta ríméadach an Meabhrán Tuisceana seo a bhunú le Fáilte Éireann rud a chinnteoidh go mbeidh Comhpháirtíocht Straitéiseach i bhfeidhm a rachaidh chun leasa chuile dhuine sna blianta atá le theacht.  Is comhpháirtíocht thar a bheith tábhachtach atá anseo agus cuirfidh sé ar chumas an dá eagraíocht ár gcaidreamh agus na cuspóirí céanna a roinneann muid maidir le forbairt na turasóireachta sa nGaeltachta a chur chun cinn.  Tá forbairt straitéiseach na turasóireachta sa nGaeltacht ar cheann de na tosaíochtaí atá leagtha amach inár bPlean Straitéiseach 2021 - 2025 agus is dea-scéala é go mbeidh an dá eagraíocht ag obair le chéile go straitéiseach chun cabhrú le hearnáil na turasóireachta sa nGaeltacht téarnamh a dhéanamh agus ag cur le táirge turasóireachta na hÉireann ina iomláine.” 

[CRÍOCH] 

Jump to top

Keep up to date on tourism news

Stay informed of all industry news with our fortnightly newsletter.

Sign up for our e-newsletter