An Clár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí

An Clár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí

Ar an 7 Nollaig 2022, rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin in éineacht le Darragh O’Brien, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus Paul Kelly, Príomhfheidhmeannach, Fáilte Ireland an fógra seo a leanas: tá Clár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí le bunú le reachtaíocht nua.

Ar an 22 Martá 2023, chuir an Coimisiún Eorpach síneadh leis an tréimhse neamhghníomhaíochta maidir le hachtú an ‘Short Term Tourist Letting Bill’ (an Bille um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí) atá beartaithe go dtí an 22 Nollaig 2023. Déanfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag obair le Fáilte Ireland scrúdú anois ar an teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach agus oibreoidh siad le páirtithe leasmhara faoi na chéad chéimeanna eile. Seolfar an Clár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí nuair a achtófar an reachtaíocht.

Leanaimid le comhairle a chur ar gach úinéir réadmhaoine a d’fhéadfadh a bheith neamhchinnte faoina n-oibleagáidí reachtúla aon soiléiriú is gá a fháil lena chinntiú go bhfuil a gceanglais reachtúla á gcomhlíonadh acu.

Nuair a seoladh, éileofar leis an gcóras clárúcháin náisiúnta ar líne sin ar gach úinéir réadmhaoine a thairgeann Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí a réadmhaoin/a réadmhaoine a chlárú gach bliain. Nuair a bheidh siad cláraithe cuirfear uimhir chlárúcháin um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí ar fáil do gach réadmhaoin le húsáid ar gach ardán áirithinte (lena n-áirítear suíomhanna gréasáin réadmhaoine) agus ar fhógraí. 

Tá an fhaisnéis ar fad ar an leathanach seo bunaithe ar an dréacht reatha den reachtaíocht. Má dhéantar aon athruithe, leasófar an fhaisnéis anseo dá réir. Ina theannta sin, cuirfidh Fáilte Ireland sonraí breise in iúl roimh an seoladh. Seiceáil arís le do thoil mar go mbeidh an leathanach seo á nuashonrú i gcónaí. 

Ar an gCéadaoin an 25 Eanáir 2023, tugadh cuireadh do Fáilte Ireland freastal ar ghrinnscrúdú Réamhreachtach Chomhchoiste an Oireachtais um Thurasóireacht, Cultúr, Ealaíona, Spórt agus na Meáin ar scéim ghinearálta an ‘Short-Term Tourist Letting Bill 2022’ (an Bille um Chlárú Lóistín Gearrthéarmach ar Cíos do Thurasóirí 2022). Preaseisiúint faisnéise an Oireachtais.

Forbraíodh an reachtaíocht lena hailíniú leis an rialachán AE atá le teacht agus le ceanglais atá ann cheana. Le haghaidh tuilleadh sonraí féach an bhfaisnéis anseo.

Céard is Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí ann?

Beidh ar aon duine a thairgeann lóistín íoctha ar feadh tréimhsí suas go dtí 21 oíche agus é sin san áireamh a réadmhaoin a chlárú ar an gClár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí.

Áirítear an méid seo a leanas ar réadmhaoine Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí:

• Seomra (seormaí) i do theach (tá an t-óstach ina chónaí san áitreabh le linn dó lóistín a sholáthar, agus is é a p(h)ríomháit chónaithe é). 

• An réadmhaoin iomlán (lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do; teach, árasán, cábán, bád, teach crainn - níl an t-óstach ina chónaí san áitreabh). 

• Aonaid iomadúla ag láithreán / coimpléasc (má tá aonaid iomadúla agat ag an seoladh nó Eircode céanna - lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do: páirc shaoire, bloc árasán, ionad campála, sráidbhaile saoire etc.).



Léigh na ceisteanna coitianta a chuirtear orainn faoin gClár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí
 

*Tá sé mar aidhm ag ár leathanach gréasáin as Gaeilge faisnéis atá cothrom le dáta a chur ar fáil maidir leis an gClár um Lóistín ar Chíos Gearrthéarmach do Thurasóirí. Toisc go n-úsáidtear seirbhís aistriúcháin, d’fhéadfadh moill ghairid a bheith ann maidir le hathruithe ar bith arna ndéanamh a léiriú.